SEODA na Gaillimhe

A new junior trad-based orchestra for children across Galway county.

Tradition and culture are cornerstones of our heritage here in Galway, and have a particular resonance when we look to our traditional arts. SEODA na Gaillimhe will help foster Galway’s intrinsic musical tradition and give it new life through the next generation of young performers across county Galway. It will also provide access for children and young people to a unique music ensemble and high quality performance music education in their local area.

Tuition will commence at a number of centres throughout the county from September 2021. Individuals from localised centres will meet weekly & also perform with additional members from other centres monthly. 

Suitable for 8-14 year olds.
Open to trad & non-trad performers.
Suitable for trad & non-trad instruments.

If you know a young performer who:

  • would like to be part of ongoing ensemble tuition together with masterclasses & public
    performance opportunities
  • is interested in performing contemporary arrangements of Irish traditional music together
    with young performers from across Galway county
  • is interested in making new friends through music

 

…then SEODA na Gaillimhe could be the answer!

These young performers will also get an opportunity on occasion to perform with the older performers (15-25 years) attached to Galway Traditional Orchestra. 

 

All instruments will be considered; from banjo to bass, pipes to percussion and tin whistle to tuba! 

 

Given the Irish word SEODA means precious items, treasured things or jewels…we look forward to ensuring that SEODA na Gaillimhe becomes a shining example of the potential and talent of the young people of county Galway.

Tá an-áthas orainn tionscadal ceoil spreagúil nua a fhógairt do Music Generation Chontae na Gaillimhe a reáchtálfar i gcomhthráth leis an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta!

Ceolfhoireann nua atá bunaithe ar an gceol traidisiúnta do leanaí i gcontae na Gaillimhe is ea SEODA na Gaillimhe.

Tá an dúchas agus an cultúr ina mbunchlocha dár n-oidhreacht anseo i nGaillimh agus tábhacht faoi leith acu i gcomhthéacs ár n-ealaíona traidisiúnta. 

Féachfaidh SEODA na Gaillimhe le traidisiún ceoil na Gaillimhe a chothú agus a bhuanú tríd an gcéad ghlúin eile de cheoltóirí óga chontae na Gaillimhe. Beidh fáil ag leanaí chomh maith ar shraith uirlisí ceoil ar leith agus ar oideachas ceoil taibhithe ar ardchaighdeán ina gceantar féin.

Cuirfear tús le seisiúin teagaisc ag ionaid éagsúla sa chontae ó mhí Mheán Fómhair 2021 ar aghaidh.

Tiocfaidh ceoltóirí ó ionaid áitiúla le chéile ar bhonn seachtainiúil agus buailfidh siad le ceoltóirí ó ionaid eile gach mí chun dul i mbun ceoil.

  • Feiliúnach do leanaí idir 8-14 bliain.
  • Oscailte do cheoltóirí traidisiúnta agus do cheoltóirí eile.
  • Feiliúnach d’uirlisí ceoil traidisiúnta agus neamhthraidisiúnta.

Má tá aithne agat ar cheoltóir óg 

  • ar mhaith leis nó léi a bheith páirteach in oiliúint cheoil ensemble mar aon le máistir-ranganna & deiseanna seinnt go poiblí
  • a bhfuil suim aige nó aici a bheith páirteach i gcóirithe comhaimseartha de cheol traidisiúnta na hÉireann in éineacht le ceoltóirí óga ó chontae na Gaillimhe 
  • ar spéis leis nó léi cairde nua a dhéanamh tríd an gceol

…d’fhéadfadh SEODA na Gaillimhe a bheith ina dheis iontach dóibh.

Beidh deis ag na ceoltóirí óga seo chomh maith ceol a chasadh leis na ceoltóirí níos sine (15-25 bliain) a chasann le Ceolfhoireann Thraidisiúnta na Gaillimhe. 

Déanfar breithniú ar gach uirlis, ina measc, an bainseó, na píoba, cnaguirlisí, an fheadóg stáin agus an tiúba féin!

An chiall atá ag an bhfocal SEODA i nGaeilge ná earraí luachmhara, clocha lómhara, na nithe sin is ionúine linn.  Tá fúinn cinntiú gur eiseamláir i dtionscadal SEODA na Gaillimhe chun an bua ceoil agus an cumas atá ag ceoltóirí óga na Gaillimhe a chur os comhair an phobail. 

Cliceáil ar an nasc thíos más spéis leat tuilleadh eolais a fháil ….

Táimid ag súil le cloisteáil uait!

Tionscadal de chuid Music Generation Chontae na Gaillimhe a fhaigheann tacaíocht ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, Comhairle Chontae na Gaillimhe mar aon le comhpháirtithe áitiúla agus náisiúnta. 

I gcomhar le Ceolfhoireann Thraidisiúnta na Gaillimhe.