Is cuid de Music Generation, Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann, é Music Generation Chontae na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag Music Generation saol leanaí agus daoine óga a shaibhriú trí rochtain a thabhairt dóibh ar oideachas ceoil thaibhithe ar ardchaighdeán ar phraghas níos ísle. Is é a mháthairchuideachta, Music Network, a thionscain Music Generation agus tá sé á mhaoiniú ag U2, Cistí na hÉireann, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Oideachais Ceoil (féach rialachas).
Tá Music Generation Chontae na Gaillimhe ina chuid de líonra náisiúnta agus tá sé á bhainistiú agus á mhaoiniú go háitiúil ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB), i gcomhpháirt le comhpháirtithe maoinithe áitiúla eile, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Tusla, Foróige, Youth Work Ireland agus Involve.