ABOUT US

Maidir Le Music Generation

What is Music Generation Galway County?

Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann is ea Music Generatio bhfuil sé mar aidhm aige saol páistí agus daoine óga a shaibhriú trí rochtain a thabhairt dóibh ar oideachas ceoil thaibhithe ar ardchaighdeán ina gceantair áitiúla. Úsáidimid cur chuige na comhpháirtíochta chun teacht ar bhealaí uathúla agus éagsúla do rannpháirtithe féachaint le deis a thabhairt dóibh gabháil le raon teagaisc ghutha agus uirlise. Cuirfidh ceoltóirí gairmiúla oilte an teagasc ar fáil i ngach seánra agus stíl cheoil. 

 Is é an Music Network a thionscain Music Generation agus tá sé á mhaoiniú ag U2, Cistí na hÉireann, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Oideachais Ceoil (MEPanna). Creideann Music Generation go bhfuil cumas ceoil agus féith na healaíontachta ag gach páiste agus duine óg – agus go bhfuil sé de cheart acu rochtain a bheith acu ar oideachas ceoil, agus deis a bheith acu a bheith páirteach i gceol. An mana atá againn ná go bhfuil sé de chumas ag ceol ní hamháin saol an duine óig a athrú, ach é a shaibhriú as cuimse.

Music Generation Galway County is part of Music Generation, Ireland’s National Music Education Programme which transforms the lives of children and young people through access to high-quality, subsidised performance music education. Established by its parent company Music Network, Music Generation is co-funded by U2, The Ireland Funds, the Department of Education and Skills and Local Music Education Partnerships (see governance). 

As part of a national network, Music Generation Galway County is managed and funded locally by Galway and Roscommon Education & Training Board (GRETB), with other local funding partners Galway County Council, Galway Rural Development, Tusla, Foróige, Youth Work Ireland and Involve.

Ár misean / Our Mission

Is é fealsúnacht Music Generation go bhfuil buanna ceoil agus ealaíne ag gach páiste agus duine óg agus go bhfuil sé de cheart acu an rogha a bheith acu leas a bhaint as oideachas ceoil agus páirt a ghlacadh sa tsochaí mar shaoránach ceoil. Tá an ceol in ann taithí saoil an pháiste nó an duine óig a athrú ó bhonn.

Chun na críche sin, tá réimse deiseanna á sheachadadh ag Music Generation Chontae na Gaillimhe chun oideachas ceoil a chur ar pháistí agus ar dhaoine óga ar fud Chontae na Gaillimhe. Tairgeann Music Generation Chontae na Gaillimhe deiseanna freisin do pháistí agus do dhaoine óga casadh ar an stáitse.

Music Generation believes in every child and young person’s musical and artistic potential and that it is every child and young person’s right to have the choice of access and the chance to participate as a musical citizen. Music can transform a child or young person’s life experience.  

To this end, Music Generation Galway County delivers a multitude of music education opportunities to children and young people across Galway County. Music Generation Galway County also offers performance opportunities to children and young people.  

Maidir linne / Who are we?

Tá Music Generation Chontae na Gaillimhe á bhainistiú ag Oifigeach Forbartha Ceoil agus ag Riarthóir. Is ceoltóirí áitiúla atá i mbun an teagaisc ceoil. Cuimsíonn an fhoireann réimse leathan seánraí ceoil, uirlisí agus cuir chuige teagaisc.

Music Generation Galway County is managed by a Music Development Officer and an Administrator. The tuition is delivered by a team of locally-based musicians. The team covers a broad spectrum of musical genres, instruments and teaching approaches.  

Transforming Lives & Communities Through Music.

Would you like to find ouT more?