Frequently Asked Questions

Céard é Music Generation Chontae na Gaillimhe?

Seirbhís oideachais ceoil do pháistí agus do dhaoine óga is ea Music Generation Chontae na Gaillimhe agus soláthraíonn sé raon deiseanna ar fud an chontae do pháistí agus do dhaoine óga chun ceol a fhoghlaim. Is cuid de Music Generation é – Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann a thionscain Music Network agus tá sé á mhaoiniú ag U2, Cistí na hÉireann, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Oideachais Ceoil.

What is Music Generation Galway County?

Music Generation Galway County is a music education service for children and young people that provides a range of opportunities throughout the county for children and young people to learn music. It is part of Music Generation – Ireland’s National Music Education Programme, initiated by Music Network, co-funded by U2, The Ireland Funds, the Department of Education and Skills and Local Music Education Partnerships.

Céard é LMEP Chontae na Gaillimhe?

Comhpháirtíocht Áitiúil Oideachais Ceoil atá i gceist le LMEP. Bunaíodh LMEP Chontae na Gaillimhe in 2011 chun cur chuige straitéiseach a ghlacadh d’fhorbairt oideachais ceoil do pháistí agus do dhaoine óga sa chontae. Rinne an Chomhpháirtíocht taighde mionsonraithe a choimisiúnú maidir leis an soláthar ceoil do pháistí agus do dhaoine óga i gContae na Gaillimhe. Forbraíodh plean straitéiseach LMEP Chontae an Gaillimhe i bhfianaise an méid a tháinig chun solais sa taighde sin agus cuireadh togra faoi bhráid Music Generation do shíolmhaoiniú chun seirbhís cheoil chomhordaithe agus chuimsitheach a chur ar bun don chontae. Fógraíodh in 2017 go mbeadh Contae na Gaillimhe ar cheann de na contaetha a roghnaíodh do Chéim a 2 de chlár Náisiúnta Music Generation.

Rinneadh LMEP Chontae na Gaillimhe a chur ar bhonn foirmeálta in 2020 tar éis do Music Generation Chontae na Gaillimhe a bheith tosaithe in 2018 agus is grúpa comhairleach é a bhfuil na heagraíochtaí seo a leanas páirteach ann:

Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Forbairt Tuaithe na Gaillimhe

Tusla/CYPSC

Ealaín na Gaeltachta

NAPD (Cumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha)

IPPN (Líonra Príomhoidí Bhunscoileanna na hÉireann)

Saorspeisialtoirí Oideachais Ceoil

 

Music Generation Chontae na Gaillimhe a thugtar ar an tionscnamh comhpháirtíochta idir Music Generation agus LMEP Chontae na Gaillimhe. Maoiniú meaitseála ón Roinn Oideachais agus Scileanna a bheidh i gceist don chlár ó 2021 ar aghaidh agus tá sé á chó-mhaoiniú ag eagraíochtaí comhpháirtíochta LMEP Chontae na Gaillimhe.

What is Galway LMEP?

 An LMEP is a Local Music Education Partnership. A Galway County LMEP was established in 2011 to take a strategic approach to the development of music education for children and young people in the county. The Partnership commissioned extensive research on music provision for children and young people in Galway County. This research informed the development of Galway County LMEP’s strategic plan and proposal to Music Generation for seed funding to set up a coordinated and comprehensive music service for the county. In 2017, it was announced that Galway County was to be one of the Phase 2 counties selected for participation in the Music Generation National programme. 

Galway County LMEP was formalised in 2020 following the roll-out of Music Generation Galway County in 2018 and is an advisory group made up of the following organisations: 

Galway and Roscommon ETB 

Galway County Council 

Galway Rural Development 

Tusla/CYPSC 

Ealaín na Gaeltachta 

NAPD (National Association for Principals and Deputy Principals) 

IPPN (Irish Primary Principals Network) 

Freelance Music Education Specialists 

 

The partnership initiative between Music Generation and Galway County LMEP is known as Music Generation Galway County. From 2021 the programme will transition to match-funding from the Department of Education and Skills and is co-funded locally by Galway County LMEP partner organisations.   

Cén tionchar a bheidh aige sin ar dhaoine óga agus ar an gceol i gContae na Gaillimhe?

Tá réimse seirbhísí oideachais ceoil á fheidhmiú ag Music Generation Chontae na Gaillimhe chun feabhas a chur ar rochtain ar cheol agus ar acmhainní ceoil do dhaoine óga i gContae na Gaillimhe.

What does this mean for young people and music in Galway County?

Music Generation Galway County implements a variety of music education services to improve access to music and music resources for young people in Co. Galway.

Cá bhfuil Music Generation Chontae na Gaillimhe lonnaithe?

Tá Music Generation Chontae na Gaillimhe lonnaithe i Seomra 63, Coláiste Pobail na Gaillimhe, Bóthar Pháirc an Uaráin, Gaillimh H91 K642.

Where is Music Generation Galway County based?

Music Generation Galway Countys’ office is located in Room 63 Galway Community College, Wellpark Road, Galway, H91 K642.

Cé atá ag maoiniú Music Generation Chontae na Gaillimhe?

Tá Music Generation á chó-mhaoiniú ag U2, Cistí na hÉireann, an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá Music Generation Chontae na Gaillimhe á mhaoniú go háitiúil ag a phríomh-chomhpháirtí, Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB), Comhairle Chontae na Gaillimhe, Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Foróige, Youth Work Ireland (Gaillimh), Involve, FÓRAM Chonamara, Tusla, Ealaín na Gaeltachta agus Gaillimh 2020.

Who funds Music Generation Galway County?

Music Generation nationally is co-funded by U2, The Ireland Funds, The Department of Education and Skills. 

Music Generation Galway County is funded locally by lead partner Galway and Roscommon Education and Training Board (GRETB), Galway County Council, Galway Rural Development, Foróige, Youth Work Ireland Galway, Involve, FORUM Connemara, Tusla, Ealaín na Gaeltachta and Galway 2020. 

An gcuireann Music Generation Chontae na Gaillimhe maoiniú/deontais ar fáil?

Ní chuireann. Seirbhís chun teagasc ceoil a sholáthar is ea Music Generation Chontae na Gaillimhe agus ní chuireann sé maoiniú díreach ar fáil do dhaoine aonair ná do ghrúpaí chun cabhrú le himeachtaí ná le cláir cheoil.

Does Music Generation Galway County provide funding / award grants?

No, Music Generation Galway County is a music tuition provision service and does not provide direct funding to individuals, organisations, or groups to assist with music events or programming.  

Céard atá á chur ar fáil ag Music Generation Chontae na Gaillimhe?

Cuireann Music Generation Chontae na Gaillimhe raon clár ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga idir 4 – 18 bliain. Reáchtáltar ár gcláir i mbunscoileanna, in iarbhunscoileanna, i suíomhanna óige agus i suíomhanna iarscoile.

What does Music Generation Galway County offer?

Music Generation Galway County offers a range of programmes for children and young people between the ages of 4 – 18 years old. Our programmes take place in primary school environments, post-primary school environments, youth settings, and also after-school settings. 

An gcuirtear an teagasc ar fáil in aisce?

Níl an teagasc ceoil a chuireann Music Generation Chontae na Gaillimhe ar fáil in aisce ach tá fóirdheontas mór ann. Éilítear orainn 50% dár maoiniú náisiúnta a mheaitseáil agus féachann muid mar sin airgead a bhailiú ónár gcomhpháirtithe áitiúla agus ó tháillí. Tá sé mar aidhm againn seirbhís teagaisc a chur i bhfeidhm nach bhfuil róchostasach agus atá in ann í féin a chothú sa todhchaí.

Is the tuition provided free of charge?

Music Generation Galway County is not free of charge but it is heavily subsidised. We are required to match our national funding by 50%, therefore we generate funds from local funding partners and fees. We aim to implement a tuition service that is not cost-prohibitive and can sustain itself into the future. 

Cén chaoi ar féidir le mo pháiste/scoil a bheith páirteach?

Déan teagmháil le Music Generation Chontae na Gaillimhe ar 091 874557 nó seol ríomhphost chuig musicgenerationgalway@gretb.ie chun eolas a fháil. Níl na cláir i bhfad tosaithe ar fud an chontae agus leanfar le pleananna chun iad a thabhairt chuig ceantair nach bhfuil aon soláthar ann, nó nach bhfuil ach beagán soláthair iontu.

How does my child get involved?

Contact Music Generation Galway County on 091 874557 or email musicgenerationgalway@gretb.ie for information. Programmes are still in their relatively early stages around the county and will continue to grow over time to areas where there is little or no provision 

Cé atá ag múineadh le Music Generation Chontae na Gaillimhe?

Roghnaíodh gach duine dár múinteoirí ceoil trí phróiseas agallaimh agus éisteachta.  Tá liosta acu siúd atá ag obair linn faoi láthair ar fáil anseo.

Who teaches with Music Generation Galway County?

All our music teachers have been selected through and interview and audition process.  A list of those currently working with us is available here. 

Bím ag teagasc ceoil – an bhféadfainn a bheith páirteach?

Roghnaíodh gach duine dár múinteoirí ceoil trí phróiseas agallaimh agus éisteachta.  Tá liosta acu siúd atá ag obair linn faoi láthair ar fáil anseo.

I teach music - can I get involved?

From time to time Musicians are recruited for a Music tutor panelPositions vacant are listed on http://galwayroscommon.etb.ie/jobs/ and announced in local press and media and through the Music Generation Galway County website, Enewsletter and social media platforms. 

Successful musicians are placed on a tutor panel and offered employment when a need or demand arises for their particular skills. 

Transforming Lives & Communities Through Music.

Would you like to find ouT more?