ABOUT MUSIC GENERATION IRELAND

"What we want to do is really simple. We just want to make sure that everyone, whatever their background, gets access to music tuition. That’s the idea." Bono/U2

Maidir le Music Generation

What is Music Generation? 

Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann is ea Music Generation a bhfuil sé mar aidhm aige saol páistí agus daoine óga a shaibhriú trí rochtain a thabhairt dóibh ar oideachas ceoil thaibhithe ar ardchaighdeán ina gceantair áitiúla. Úsáidimid cur chuige na comhpháirtíochta chun teacht ar bhealaí uathúla agus éagsúla do rannpháirtithe féachaint le deis a thabhairt dóibh gabháil le raon teagaisc ghutha agus uirlise. Cuirfidh ceoltóirí gairmiúla oilte an teagasc ar fáil i ngach seánra agus stíl cheoil. Is é an Music Network a thionscain Music Generation agus tá sé á mhaoiniú ag U2, Cistí na hÉireann, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Oideachais Ceoil (MEPanna). Creideann Music Generation go bhfuil cumas ceoil agus féith na healaíontachta ag gach páiste agus duine óg – agus go bhfuil sé de cheart acu rochtain a bheith acu ar oideachas ceoil, agus deis a bheith acu a bheith páirteach i gceol. An mana atá againn ná go bhfuil sé de chumas ag ceol ní hamháin saol an duine óig a athrú, ach é a shaibhriú as cuimse.

Music Generation is Ireland’s National Music Education Programme that transforms the lives of children and young people through access to high quality performance music education in their locality. Through partnership, we create rich and diverse ways for participants to engage in vocal and instrumental tuition delivered by skilled professional musicians, across all musical genres and styles.

Initiated by Music Network, Music Generation is co-funded by U2, The Ireland Funds, the Department of Education and Skills and Local Music Education Partnerships.

Music Generation believes in the musical potential and innate artistry of every child and young person – that it is every child and young person’s right to have the choice of access and the chance to participate as a musical citizen, and that music doesn’t just change lives, it transforms lives.

Tá Céim 1 de Music Generation ar bun anois i 11 limistéar in Éirinn (Ceatharlach, an Clár, Cathair Chorcaí, Laois, Cathair Luimní, Lú, Maigh Eo, Uíbh Fhailí/Iarmhí, Sligeach, Baile Átha Cliath Theas agus Cill Mhantáin). Anuas air sin, táimid i mbun comhoibrithe le Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall ar réimse tionscnamh agus tograí.

Tá Céim 2 den chlár ar siúl faoi láthair, agus Music Generation ag féachaint le 9 limistéar eile a chuimsiú faoi 2021. Seo a leanas na limistéir nua: Cabhán/Muineachán, Dún Laoghaire-Rath an Dúin, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Cill Chainnigh, Liatroim, Ros Comáin, Port Láirge agus Loch Garman.

 D’fhógair Rialtas na hÉireann i mí na Nollag 2017 go raibh sé tiomanta an clár Music Generation a thabhairt go dtí an chuid eile den tír faoi 2022. Tá an chéim is deireanaí seo tosaithe anois agus tá comhpháirtíochtaí nua bunaithe i gCiarraí, Cill Dara, Longfort, an Mhí agus Tiobraid Árann. Fágfaidh an fhorbairt sin go mbeidh an clár i mbun feidhme i 25 limistéar san iomlán.

 Tá gach clár de chuid Music Generation á bhainistiú ag Comhpháirtíocht Áitiúil Oideachais Ceoil faoi stiúir Oifigeach Forbartha Ceoil. Faigheann na comhpháirtíochtaí tacaíocht ó na Boird Oideachais agus Oiliúna, na hÚdaráis Áitiúla agus ó raon eagraíochtaí áitiúla agus pobail.

Phase 1 of Music Generation is now established in 11 areas of Ireland (Carlow, Clare, Cork City, Laois, Limerick City, Louth, Mayo, Offaly/Westmeath, Sligo, South Dublin and Wicklow), as well as working with Donegal Music Education Partnership on a range of projects and initiatives.

Phase 2 of the programme is currently underway, seeing Music Generation expand into a further 9 areas by 2021. The new areas are: Cavan/Monaghan, Dún Laoghaire-Rathdown, Galway City, Galway County, Kilkenny, Leitrim, Roscommon, Waterford and Wexford.

In December 2017 the Irish Government announced its commitment to support the nationwide expansion of Music Generation by 2022. This latest phase has now commenced and new partnerships have been established in Kerry, Kildare, Longford, Meath and Tipperary, bringing the total number of areas reached by the programme to 25.

Locally, each Music Generation programme is managed by a Local Music Education Partnership, under the leadership of a Music Development Officer. The partnerships are supported and funded by Education and Training Boards, Local Authorities, and a range of local and community organisations.

Transforming Lives & Communities Through Music.

Would you like to find ouT more?