Éisteachtaí do Cheolfhoireann Óg Symphonic Waves / Symphonic Waves Youth Orchestra Auditions 2020

Éisteachtaí do Cheolfhoireann Óg Symphonic Waves / Symphonic Waves Youth Orchestra Auditions 2020

Tá 2020 buailte linn agus tá pleananna móra ag Ceolfhoireann Óg Symphonic Waves! Tar éis dóibh teacht le chéile le gairid i nGaillimh in éineacht le Ceolfhoireann Náisiúnta Óige na hÉireann chomh maith le bheith ar stáitse ag an 25ú Féile na gCeolfhoirne Óg sa Cheoláras Náisiúnta, tá Symphonic Waves ag iarraidh ar cheoltóirí óga a bheith ar bord linn don bhliain den scoth atá romhainn! I measc na ngníomhaíochtaí beidh comhoibriú le Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ le haghaidh sraith máistir-ranganna, a gcuirfear clabhsúr léi le comhléiriú i nGaillimh. Reáchtálfar an cúrsa bliantúil cónaithe samhraidh i mí Lúnasa, áit a mbeidh ceardlanna, ceol aireagail agus léirithe ceoil. Anuas air sin, beidh ensemble ar cuairt againn ón tSeapáin i mbliana. Agus níl ansin ach blaiseadh beag dá bhfuil ar na bacáin!

Is féidir le daoine óga atá idir 13 agus 23 bliain d’aois agus atá ar chaighdeán ghrád 6 nó níos airde a bheith ina mbaill. Tá áiteanna ar fáil i gcónaí i ngach rannóg, go háirithe na huirlisí práis, na gaothuirlisí adhmaid agus na cnaguirlisí! Ná caill an deis uathúil seo atá curtha ar fáil ag Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa i gcomhpháirt le Music Generation Chontae na Gaillimhe agus Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Socrófar éisteachtaí ar bhonn leanúnach i rith na bliana agus is féidir le ceoltóirí, mar sin, triail a bhaint as a luaithe is atá siad réidh!

Na hUirlisí Práis – Corn Francach, troimpéad, trombón agus tiúba
Gaothuirlisí Adhmaid – Feadóg mhór, óbó, clairinéad agus basún
Cnaguirlisí – Timpani agus cnagadh ginearálta
Téaduirlisí – Veidhlín, vióla, dordveidhil, dord

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun éisteacht a shocrú, déan teagmháil le symphonicwaves@gretb.ie / 086 0109622.

Tá Symphonic Waves á mhaoiniú ag Gaillimh 2020 le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus is é Music Generation Chontae na Gaillimhe atá á bhainistiú.

2020 has arrived and Symphonic Waves Youth Orchestra has big plans!  Having recently played alongside the National Youth Orchestra of Ireland in Galway as well as performing at the 25th Festival of Youth Orchestra in the National Concert Hall, Symphonic Waves is calling young musicians who would like to come on board for an exciting year ahead! Activities include a collaboration with the RTÉ Concert Orchestra for a series of masterclasses culminating in a joint performance in Galway.  In August, the annual summer residential course takes place with workshops, chamber music, and performances and this year will also host a visiting ensemble from Japan.  And that is just a flavour of what’s in the pipeline!

Membership is open to those aged 13 to 23 of grade 6 standard and above.  There are places available in all sections, particularly Brass, Woodwind and Percussion! Don’t miss this unique opportunity made possible by Galway 2020 European Capital of Culture in partnership with Music Generation Galway County and Galway and Roscommon Education & Training Board. Auditions will be accepted on an ongoing basis throughout the year so that musicians can join as soon as they are ready!

Brass –                  French horn, trumpet, trombone, and tuba

Woodwind –       Flute, oboe, clarinet and Bassoon

Percussion –        Timpani and general percussion

Strings –               Violin, viola, cello, bass

For more information and to arrange an audition, please contact symphonicwaves@gretb.ie / 086 0109622. Symphonic Waves is funded by Galway 2020 with support from Galway County Council and managed by Music Generation Galway County.